Pádraig Ó Héalaí Editor & Author

B’Ollamh Gradaim agus Iarcheann Roinn Bhéaloideas Éireann é BO ALMQVIST sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Traidisiúin bhéil agus tuiscintí traidisiúnta Chríoch Lochlann agus na hÉireann a réimse speisialtóireachta agus tá a lán foilsithe aige ar na hábhair seo. Tá cuid mhór bailiúcháin déanta aige ó Bhlascaodaigh, go háirithe ó Mhícheál Ó Gaoithín, mac Pheig Sayers agus ó scéalaithe eile i nDún Chaoin, Bab Feiritéar mar shampla. Comheagarthóir é ar bhailiúchán dá scéalta, Ó Bhéal an Bhab. Chuir sé féin agus Pádraig Ó Héalaí in eagar Peig Sayers: Labharfad le Cách | I Will Speak to You All (New Island, 2009). D’éag sé sa bhliain 2013.


BO ALMQVIST was Emeritus Professor and a Former Head of the Department of Irish Folklore, University College Dublin. He specialised in Scandinavian and Irish folk literature and folk beliefs, and published widely on these topics. He also collected many stories from Blasket Islanders, in particular Peig Sayers’ son, Mícheál Ó Gaoithín, and other storytellers in Dún Chaoin, such as Bab Feiritéar. He was a co-editor of the publication of her stories, Ó Bhéal an Bhab. With Pádraig Ó Héalaí, he edited Peig Sayers: Labharfad Le Cách | I Will Speak to You All (New Island, 2009). He died in 2013. 

Iarléachtóir Sinsearach i Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, é PÁDRAIG Ó HÉALAÍ. Béaloideas na tíre seo a shainréimse léinn agus tá foilseacháin iomadúla aige ar ghnéithe éagsúla den ábhar sin. Tá spéis faoi leith curtha aige i scéalta cráifeacha, in oidhreacht an Bhlascaoid agus i dtraidisiúin faoin osnádúr. Is iareagarthóir é ar an iris Béaloideasagus mar aon le Bo Almqvist chuir sé eagar ar Peig Sayers: Labharfad le Cách | I Will Speak to You All (New Island, 2009). An Blascaod Trí Fhuinneog na Scoile (2015) an leabhar is déanaí uaidh, saothar eagarthóireachta ar chuntas múinteora ar a tréimhse ag teagasc ar an mBlascaod nuair a bhí gus fós sa phobal ann.


PÁDRAIG Ó HÉALAÍ is a retired Senior Lecturer in Modern Irish at NUI, Galway. His area of specialisation is Irish folklore and he has published on many aspects of this topic, including religious tradition, Blasket heritage and beliefs and practices associated with the supernatural. He is a former editor of the journal Béaloideas and with Bo Almqvist, he edited Peig Sayers: Labharfad Le Cách | I Will Speak To You All (New Island, 2009). Most recently he edited An Blascaod Trí Fhuinneog na Scoile (2015), a young teacher’s account of her experience of life on the Great Blasket when it was still home to a vibrant community.